Torthaí Lotto

Online Ticket Sales - Powered by Locallotto.ie Is féidir lotto seachtainiúil Chumann Mícheál Breathnach a imirt ar líne. Tá rogha agat íoc as 10 seachtainí, as leathbhliain nó as bliain. Ná caill do sheans ar an bpota óir a mbíonn €3,000 ar a laghad ann!

Nuair a imríonn tú ar líne gheobhaidh tú do chuid torthaí chuile sheachtain ar ríomhphost chomh maith le nuacht na seachtaine. Cuirtear na huimhreacha chugat ar théacs freisin.

Cliceáil anseo le Lotto Seachtainiúil Chumann Mícheál Breathnach a imirt arl-líne. Cliceáil anseo le Lotto Seachtainiúil Chumann Mícheál Breathnach a imirt arl-líne.


Roghnaigh ceithre uimhir idir 1 agus 32. Tá costas €2 ar chuile thicéad agus déantar an tarraingt go háitiúil ar an Luan. Má thagann d’uimhreacha amach ag an tarraingt, buann tú scair sa bpota óir. Mura mbíonn aon bhuaiteoir ar an bPota Óir, bronntar dhá dhuais Tobar an Áidh nó ‘Lucky Dip’ de €50 an ceann chomh maith le dearbhán urraithe ag Tigh Durkin agus duais €25 don díoltóir.

Lotto Draw Newsletters


Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chrannchur Chumann Mícheál Breathnach agus na buaiteoirí, cliceáil anseo.

Iarrann muid ar ár gcuid cairde ó Dhroichead an Spidéil siar go Droichead Chasla an lotto a imirt chun cúnamh a thabhairt dúinn áiseanna a chur ar fáil do chách, idir shean agus óg. Tá súil againn go mbeidh muid in ann oibriú as lámh a chéile chun an focal a scaipeadh agus teagmháil a dhéanamh arís le hiar-bhaill an Chumainn atá ina gcónaí in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.

Tá an Cumann fíorbhuíoch as an gcúnamh agus as an tacaíocht a fhaigheann siad ó dhaoine a dhíolann agus a cheannaíonn ticéid. Guíonn muid chuile rath oraibh sa lotto!

Mise le Meas,
Conall Ó Céidigh
OCP,
Cumann Mícheál Breathnach.