Amchlár na Páirce 2014

Amanna suas go dáta go luath.

 

Astro Dé Máirt   - Peil Buachaillí & Cailiní F8 & F10 @ 6. 30 – 7. 30

Riallacha Úsáide:

  1. Is le na bainisteoirí socrú a dhéanamh eaturtha féin maidir le malairt ama ar an bPáirc agus cinnteacht a bheith ann nach bhfuil aon chur isteach ar chluichí socraithe do fhóirne eile.
  2. Iarrtar ar chuile fhoireann a bheith réidh le tosnú in am agus críochnú in am, le seans a thabhairt don ghrúpa atá ag traenáil ina ndiaidh.
  3. Ní feidir aon am atá saor ar amchlár na páirce a thógáil gan iarratas a bheith déanta chuig an gCoiste Gnóthaí tríd an Rúnaí. Má chríochníonn foireann leis an am atá tugtha dóibh ar an bpáirc, is leis an gCoiste Gnóthaí an t-am sin a roinnt de réir éileamh.
  4. De bharr cúrsaí árachais, ní féidir an pháirc a roinnt le dhá ghrúpa difriúil seachas aoiseanna atá údaraithe le chéile i gcluichí.
  5. Tá tús áite ag cluichí sraithe/craoibhe ar thraenáil agus tá comhoibriú chuile dhuine ag teastáil le go mbeidh an amchlár seo éifeachtach.